Treoir maidir leis an gClár ECCE agus na Nósanna Imeachta Riaracháin
Baineann an chuid is mó den eolas atá sa Treoir seo le nósanna imeachta riaracháin agus tá sí dírithe go príomha ar sholáthraithe seirbhíse. Mar sin féin, cabhróidh roinnt rannán le tuismitheoirí, go háirithe an fhaisnéis maidir le Táillí Breise Roghnacha (rannán 2.10), Critéir Cháilitheachta (rannán 3), na nósanna imeachta a chaithfear a leanúint nuair atá leanaí á n-aistriú ó sheirbhís amháin go ceann eile (rannán 6), agus na rialacha maidir le tarscaoileadh na huasteorann aoise agus an rogha pro rata dhá bhliain i gcomhair leanaí a bhfuil riachtanais speisialta acu (rannán 7). Tá na foirmeacha dá dtagraítear sa téacs le fáil lena n-íoslódáil in Aguisín 1.
Sa cháipéis seo, ciallaíonn “an Roinn” an Roinn Leanaí agus Gnóthaí Óige. Ciallaíonn “CCC áitiúil” do Choiste Contae nó Cathrach áitiúil i gCúram Leanaí Tá liosta de na CCCanna, mar aon lena n-uimhreacha teileafóin, in Aguisín 2.
Clár Ábhair
1. Forléargas ar an gClár um Chúram agus Oideachas na Luath-Óige (ECCE)
2.3 Táille Chaipitíochta níos airde
2.5 Ceanglais FSS a chomhlíonadh
2.9 Fiacha nár Íocadh leis an Roinn
2.11 Dúnadh seirbhísí, aistriú áitribh, nó aistriú úinéireachta
6. Athruithe ar shonraí clárúcháin tar éis don Tuairisceán Leictreonach a bheith seolta isteach
6.1 Iontrálaithe Nua nó Iontrálaithe Déanacha
6.2 Aistriú ó Sholáthraí Seirbhíse amháin go ceann eile
6.4 Leanbh ag éirí as a bheith rannpháirteach sa chlár ECCE
6.5 Aistriú ón gclár ECCE go dtí an clár CCS, agus a mhalairt go cruinn
6.6 Aistriú ón gclár ECCE go dtí an Clár CETS
6.7 Aistriú ón gclár CETS go dtí an Clár ECCE
6.8 Athrú ar leibhéal na seirbhíse
6.9 Áit ECCE a chur siar go dtí an bhliain dár gcionn
7. Iarratais chun an uasteorainn aoise a tharscaoileadh agus ar shocruithe pro-rata
1. Forléargas ar an gClár um Chúram agus Oideachas na Luath-Óige (ECCE)
Tugadh clár na Bliana Réamhscoile saor in aisce i gCúram agus Oideachas na Luath-Óige (ECCE) isteach le héifeacht ó Eanáir 2010. Tá an clár á riar ag an Stiúrthóireacht Cúram Leanaí de chuid na Roinne Leanaí agus Gnóthaí Óige, agus déanfaidh na Coistí Contae agus Cathrach i gCúram Leanaí (CCCanna) an clár a bhainistiú sna ceantair éagsúla.
Cáilíonn leanaí don bhliain réamhscoile saor in aisce i gcás ina bhfuil siad níos sine ná 3 bliana 2 mhí d’aois agus níos óige ná 4 bliana 7 mí d’aois amhail an 1 Meán Fómhair sa bhliain lena mbaineann. Ciallaíonn sé seo go gcáileoidh leanaí a rugadh idir an 2 Feabhra 2008 agus an 30 Meitheamh 2009 don bhliain réamhscoile saor in aisce i mí Mheán Fómhair 2012, agus cáileoidh leanaí a rugadh idir an 2 Feabhra 2009 agus an 30 Meitheamh 2010 i mí Mheán Fómhair 2013.
Is é cuspóir an chláir ECCE foghlaim luath i suíomh foirmiúil a chur ar fáil do leanaí incháilithe sa bhliain sula dtosaíonn siad ar an mbunscoil. D’fhonn an méid sin a bhaint amach, ceanglaítear ar sheirbhísí a ghlacann páirt sa bhliain réamhscoile gníomhaíochtaí agus cláir atá oiriúnach ó thaobh aoise de a chur ar fáil do leanaí laistigh d’aoischohórt ar leith. Chuige seo, is gá uasteorainneacha agus íosteorainneacha aoise a shocrú don raon aoise ag a gcáileoidh leanaí chun páirt a ghlacadh sa chlár.
Féadann soláthraithe seirbhíse pobail agus tráchtála iarratas a dhéanamh ar pháirt a ghlacadh sa chlár ECCE. Is é cuspóir an chláir dul chun tairbhe do leanaí sa tréimhse thábhachtach forbartha trí bhíthin bliain réamhscoile saor in aisce a chur ar fáil sa bhliain sula dtosaíonn siad ar an mbunscoil.
Déantar an bhliain réamhscoile saor in aisce a sheachadadh ar bhonn trí uair an chloig sa lá, cúig lá sa tseachtain, 38 seachtain sa bhliain. Níl sé éigeantach go bhfreastalaíonn leanaí gach lá ach, i gcás nach ndéanann siad amhlaidh, laghdófar an táille chaipitíochta ar bhonn pro rata.
Déantar íocaíocht faoin gclár ECCE i bhfoirm táillí caipitíochta a íoctar go díreach leis an soláthraí seirbhíse. Bíonn táille chaipitíochta iníoctha i leith gach linbh incháilithe atá cláraithe sa bhliain réamhscoile saor in aisce, ar bhonn pro rata, más infheidhme. Bíonn ráta caipitíochta níos airde iníoctha i leith seirbhísí réamhscoile áirithe a bhfuil foireann níos cáilithe acu.
Prionsabal bunúsach na scéime is ea go bhfuil an bhliain réamhscoile ar fáil saor in aisce do thuismitheoirí, agus go bhfuil dualgas ar na seirbhísí rannpháirteacha go léir costais na bliana réamhscoile saor in aisce a íoc as na táillí caipitíochta. Féadfaidh na seirbhísí táille a ghearradh ar thuismitheoirí i gcomhair seirbhísí breise arna gcur ar fáil, lena n-áirítear uaireanta breise agus gníomhaíochtaí breise, ar choinníoll go gcomhlíontar rialacha áirithe i ndáil leis na táillí sin.
2. Iarratais ó sholáthraithe seirbhíse chun páirt a ghlacadh sa chlár nó chun páirt a ghlacadh sa chlár in athuair
Is é an 30 Márta 2012 an spriocdháta le haghaidh iarratas chun páirt a ghlacadh sa chlár nó chun páirt a ghlacadh ann in athuair ó Mheán Fómhair 2012. Maidir le seirbhísí atá ag glacadh páirte sa chlár cheana féin, seolfaidh a Choiste Contae nó Cathrach i gCúram Leanaí foirm Iarratais Ath-Iontrála chucu. Ní mór an fhoirm seo a chomhlánú agus a sheoladh ar ais chuig an CCC roimh an 30 Márta 2012. Féadfaidh seirbhísí nach bhfuil rannpháirteach sa chlár faoi láthair ach ar mian leo páirt a ghlacadh ann teagmháil a dhéanamh lena CCC áitiúil chun foirm iarratais a iarraidh. Ní mór an fhoirm seo a chomhlánú agus a sheoladh ar ais chuig an CCC roimh an 30 Márta 2012.
Déanann an CCC breithmheas tosaigh ar gach iarratas agus téann i mbun idirchaidrimh leis an gCigire áitiúil Réamhscolaíochta ón FSS maidir leis an gcaoi a bhfuil an tseirbhís ag comhlíonadh na rialachán. Déanfaidh an CCC an fhaisnéis ábhartha go léir i ndáil le hiarratais a thiomsú agus a sainscagadh agus, ar choinníoll go gcomhlíontar ceanglais FSS, agus nach bhfuil aon agús ag an CCC molfaidh siadsan an t-iarratas. Déanfar an fhaisnéis sainscagtha agus cóipeanna crua na n-iarratas a sheoladh ar ais chuig an Stiúrthóireacht Cúram Leanaí.
Nuair a fhaigheann an Stiúrthóireacht Cúram Leanaí na hiarratais, déantar iad a scrúdú ó thaobh (a) cáilíochtaí na foirne, (b) fógra a thabhairt do FSS, (c) Imréiteach Cánach, agus (d) fiacha nár íocadh leis an Roinn. Má bhíonn gach rud i gceart cuirfear na hiarratais ar aghaidh chun an conradh a fhaomhadh.
Bítear ag súil go mbeidh 8 leanbh incháilithe ar a laghad ar an rolla ag seirbhís le bheith rannpháirteach sa chlár, agus mura bhfuil an líon sin leanaí ag seirbhís ní bheidh siad i dteideal maoiniú a fháil faoin gclár. D’fhéadfaí smaoineamh ar eisceacht a dhéanamh maidir leis an riachtanas íosta seo nuair atá cúis mhaith leis i gcás seirbhíse atá oiriúnach i gcomhair na bliana réamhscoile má tá (a) 8 leanbh ar a laghad cláraithe acu, a bhfuil 3 ar a laghad acu incháilithe le haghaidh an chláir agus go mbeidh an chuid eile incháilithe sa bhliain ina dhiaidh sin, nó (b) más seirbhís níos lú í a bhfuil 5 leanbh incháilithe ina mbliain réamhscoile ar a laghad ar an rolla acu.
Nuair a bhíonn soláthraithe seirbhíse ag déanamh iarratais ar pháirt a ghlacadh sa chlár ECCE den chéad uair, nó ag déanamh iarratais chun leanúint le páirt a ghlacadh sa chlár ECCE, ní mór dóibh a dhearbhú ar an bhfoirm iarratais go mbeidh cúigear leanaí ar a laghad acu ag aois réamhscoile (i.e. 2½ go 6 bliana) ina seirbhís i rith na bliana réamhscoile, chun cur ar a gcumas clár ECCE iomchuí a sheachadadh. Déanfaidh ionadaithe de chuid Pobal comhlíonadh leis an riachtanas sin a sheiceáil agus iad ag déanamh a gcuid cuairteanna comhlíontachta.
Ní mór do cheannairí réamhscoile sa chlár mórdhámhachtain náisiúnta chreidiúnaithe ar Leibhéal 5 ar an gCreat Náisiúnta Cáilíochtaí (NFQ) (nó a choibhéis) a bheith faighte acu i gcúram leanaí nó i gcúram agus oideachas na luath-óige faoi mhí Mheán Fómhair 2012.
Tá mórdhámhachtain a bhfuil creidiúnú náisiúnta ag Leibhéal 5 aici á creidiúnú faoi láthair ag Comhairle na nDámhachtainí Breisoideachais agus Oiliúna (FETAC) ach beidh sí á bronnadh ag an Údarás um Cháilíochtaí agus Dearbhú Cáilíochta nua amach anseo. Tá 8 miondámhachtain chomhpháirteacha i mórdhámhachtain ag Leibhéal 5, .i.
* Baineann ceithre dhámhachtain chomhpháirteacha éigeantacha leis na scileanna agus an t-eolas atá riachtanacha le haghaidh an chleachtais in ionaid um chúram agus oideachas na luath-óige, m.sh. Forbairt Leanaí, Oideachas Luath-Óige, Obair i gCúram Leanaí
AGUS
* Tá dhá dhámhachtain chomhpháirteacha ghinearálta (éigeantacha) ann freisin. Baineann ceann acu le taithí oibre nó cleachtas oibre agus baineann an ceann eile le ceann amháin de réimse scileanna lárnacha, m.sh. Cumarsáid nó Teicneolaíocht Faisnéise
AGUS
Maidir leis an dá dhámhachtain chomhpháirteacha a bhaineann le hábhair roghnacha, d’fhéadfadh baint a bheith acu le réimsí ar leith den chleachtas i gcúram agus oideachas na luath-óige, m.sh. obair le leanaí a bhfuil riachtanais bhreise acu.
Féach ar http://www.fetac.ie/fetac/awardsinfo/awards.htm chun tuilleadh eolais a fháil faoin struchtúr a bhaineann le dámhachtainí Leibhéal 5
2.2.1 Cáilíochtaí atá comhionann le mórdhámhachtain ar Leibhéal 5 a bhfuil creidiúnú náisiúnta ag dul di
Tá dhá chineál cáilíochtaí sa chatagóir seo. Is iad sin:
(a) Dámhachtainí oidhreachta a bhronn comhlachtaí dámhachtana na hÉireann sular bunaíodh an Creat Náisiúnta Cáilíochtaí (NFQ)
(b) Dámhachtainí arna mbronnadh ag comhlachtaí dámhachtainí idirnáisiúnta
2.2.2 Dámhachtainí oidhreachta
Tagraíonn an téarma seo do dhámhachtainí i gCúram Leanaí a bhronn Comhairle Náisiúnta na gCáilíuchán Gairmoideachais (NCVA) nó FÁS. Bhronn na comhlachtaí sin dámhachtainí ar Leibhéil 1, 2 agus 3 agus tá siad seo á rangú anois sa Chreat Náisiúnta Cáilíochtaí (NFQ) ar Leibhéil 4, 5 agus 6. Dá bhrí sin, má tá teastas dámhachtana agat a d’eisigh an NCVA nó FÁS i gcomhair Mhórdhámhachtain leibhéal 2, is é sin le rá go bhfuil na heilimintí riachtanacha go léir críochnaithe agat, aithnítear gurb ionann é sin agus Mórdhámhachtain Leibhéal 5.
2.2.3 Cáilíochtaí idirnáisiúnta
Is iomaí ball foirne atá ag obair in ionaid um Chúram agus Oideachas Luath-Óige a thug faoi chláir staidéir agus ar bronnadh dámhachtainí orthu a dtugtar creidiúnú dóibh sa Ríocht Aontaithe. In a lán cásanna, tá sé cruthaithe ag na comhlachtaí a bhronn na dámhachtainí go bhfuil na dámhachtainí sin comhionann le dámhachtainí na hÉireann. Tá Údarás Náisiúnta Cáilíochtaí na hÉireann (NQAI) freagrach faoi láthair as aitheantas a thabhairt do dhámhachtainí idirnáisiúnta in Éirinn agus is féidir tuilleadh eolais a fháil faoi seo ar www.nqai.ie nó ar www.qualrec.ie . Comhchuimseofar an NQAI san Údarás um Cháilíochtaí agus Dearbhú Cáilíochta nua.
Is féidir cáilíochtaí ón Ríocht Aontaithe a sheiceáil ar líne freisin ar bhunachar sonraí cáilíochtaí an Children’s Workforce Development Council ar www.cwdcouncil.org.uk. Tríd is tríd is féidir glacadh leis, má bhronntar dámhachtain ón Ríocht Aontaithe ar Leibhéal 3, go bhfuil sí comhionann le dámhachtain Leibhéal 5 in Éirinn.
TABHAIR FAOI DEARA: Ní chuirfidh an NQAI in iúl cé chomh ábhartha is atá dámhachtain ar bith ó thaobh an chláir ECCE de, ach cuirfidh sí in iúl an leibhéal sin in Éirinn a bhfuil sí comhionann leis. Forchoimeádann an Stiúrthóireacht Cúram Leanaí an ceart chun cinneadh a dhéanamh faoi ábharthacht na dámhachtana.
Is féidir cáilíochtaí ó thíortha eile a sheiceáil le hÚdarás Náisiúnta Cáilíochtaí na hÉireann. Féach ar www.qualrec.ie chun sonraí a fháil faoin bpróiseas aitheanta cáilíochtaí.
2.2.4 Beart Eatramhach maidir le cáilíochtaí
Maidir le cleachtóirí réamhscoile nár bronnadh mórdhámhachtain orthu nó ar bronnadh cáilíochtaí orthu i ndisciplín ábhartha a raibh creidiúnú neamhnáisiúnta ag dul dóibh, glacadh iad mar cheannairí réamhscoile le haghaidh an chláir ECCE, i rith na tréimhse go dtí Meán Fómhair 2012, más rud é gur chlúdaigh a gcuid cáilíochtaí réimsí lárnacha eolais amhail Forbairt Leanaí, Oideachas Luath-Óige, Obair i gCúram Leanaí, agus Cúram a thabhairt do Leanaí idir naíonáin nuabheirthe go leanaí 6 bliana d’aois, AGUS má bhí taithí dhá bhliain ar a laghad acu ag obair i bpost freagrachta le leanaí san aoisghrúpa sin. Is ar bhonn eatramhach amháin a bhí sé seo. Ó mhí Mheán Fómhair 2012 i leith, ionas go nglacfar iad le haghaidh an chláir ECCE, ní mór do cheannairí réamhscoile mórdhámhachtain náisiúnta atá creidiúnaithe ar Leibhéal 5 de chuid Chomhairle na nDámhachtainí Breisoideachais agus Oiliúna (FETAC) (nó a choibhéis) a bheith faighte acu i gcúram leanaí nó i gcúram agus oideachas na luath-óige faoi mhí Mheán Fómhair 2012.
Is maith a thuigeann muid go bhféadfaidh roinnt ball foirne a bheith i mbun cúrsaí a chur i gcrích nuair a bheidh an spriocdháta sin ag teacht aníos. Sna cásanna sin, más féidir leis an tseirbhís a léiriú go bhfuil clár foghlama as a dtiocfaidh mórdhámhachtain curtha i gcrích go substaintiúil ag ceannaire réamhscoile, glacfar cur chuige solúbtha, agus más rud é gur comhlíonadh gach critéar eile, déanfar conarthaí le haghaidh an chláir a athnuachan. Ní ghlacfar an cur chuige solúbtha seo ach i ndáil le seirbhísí atá ag glacadh páirte sa chlár cheana féin. Ní mór do gach seirbhís nua atá ag cur iarratais isteach ar pháirt a ghlacadh sa chlár ó Mheán Fómhair 2012 ar aghaidh ceannairí réamhscoile a bheith acu ag a bhfuil na cáilíochtaí iomlána atá leagtha amach thuas.
2.3 Táille chaipitíochta níos airde
Íocfar táille chaipitíochta níos airde ná sin, le soláthraithe seirbhíse réamhscoile má tá céim bhaitsiléara san oideachas óige/luathoideachas (leibhéal 7, ar a laghad, ar an gCreat Náisiúnta Cáilíochtaí (NFQ) nó comhionann leis sin) ag gach ceannaire réamhscoile a sholáthraíonn an tseirbhís réamhscoile, agus má tá taithí oibre trí bliana acu san earnáil sin, agus má tá mórdhámhachtain ábhartha san oideachas óige/luathoideachas (leibhéal 5 ar NFQ nó comhionann leis sin) ag gach cúntóir réamhscoile. D’fhonn cur isteach ar Chaipitíocht Níos Airde, bain úsáid, le do thoil, as Foirm ECCE 10 - Caipitíocht Níos Airde
Níl na daoine go léir a bhfuil dámhachtain ar Leibhéal 7 nó 8 faighte acu incháilithe chun an táille chaipitíochta níos airde a fháil. Ionas go gcáileoidh dámhachtain, ní mór eolas suntasach a bheith ar áireamh léi freisin i réimsí lárnacha eolais ar nós forbairt leanaí ón am a bheirtear iad go 6 bliana d'aois agus teoiric agus cleachtas maidir le hoideachas na luath-óige. Ní bheadh cáilíochtaí teagaisc meánscoile inghlactha, mar shampla, toisc nach mbaineann siad leis na réimsí lárnacha eolais.
Faoi mar a tharlaíonn i gcás dámhachtainí ar leibhéal níos ísle, is féidir dámhachtainí idirnáisiúnta ar leibhéal níos airde a aithint mar dhámhachtainí a chomhlíonann na critéir maidir le cáilíochtaí. Is féidir le hÚdarás Náisiúnta Cáilíochtaí na hÉireann comhairle a thabhairt faoi leibhéal coibhéiseach na dámhachtana i gCreat Náisiúnta Cáilíochtaí (CNC) na hÉireann (www.qualrec.ie). Forchoimeádann an Stiúrthóireacht Cúram Leanaí an ceart chun cinneadh a dhéanamh faoi ábharthacht na dámhachtana, áfach.
Cuirtear i bhfios go láidir nach mór do na baill foirne a bhfuil cáilíochtaí níos airde acu obair go díreach leis na leanaí i gcónaí le linn na seisiún ECCE chun an ráta caipitíochta níos airde a fháil. Mura gcomhlíontar an riail seo, sáróidh seirbhísí a n-oibleagáidí conartha, agus caillfidh siad an ráta caipitíochta.
2.4 Cóimheasa Foirne
Is mar seo a leanas a bheidh an líon íosta ceannairí réamhscoile agus cúntóirí réamhscoile i seirbhís atá ag soláthar na Bliana Réamhscoile saor in aisce:
Suas le 11 leanbh: ceannaire réamhscoile amháin
Idir 12-22 leanbh: ceannaire réamhscoile amháin agus cúntóir réamhscoile amháin
Idir 23-33 leanbh: beirt cheannairí réamhscoile amháin agus cúntóir réamhscoile amháin.
Idir 34-44 leanbh: beirt cheannairí réamhscoile agus beirt chúntóirí réamhscoile
agus araile.
Maidir le gach grúpa suas le 22 leanbh in ionad réamhscoile ECCE ní mór go gcomhlíonfadh ceannaire réamhscoile amháin ar a laghad na ceanglais maidir le cáilíochtaí atá leagtha amach thuas (.i. NFQ Leibhéal 5 ar a laghad nó a choibhéis).
Níl feidhm ag na cóimheasa foirne atá leagtha amach thuas ach maidir le gné sholáthair na bliana réamhscoile saor in aisce den tseirbhís. Lasmuigh de riachtanas na bliana réamhscoile, ní mór do sheirbhísí na cóimheasa foirne a fheidhmiú i ndáil le seirbhísí lánaimseartha, páirtaimseartha nó seisiúnacha faoi mar atá leagtha amach sna Rialacháin um Chúram Leanaí (Seirbhísí Réamhscoile) (Uimh. 2) 2006.
2.5 Ceanglais FSS a chomhlíonadh
Ní mór fógra a thabhairt d'Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS) faoi sheirbhísí réamhscoile rannpháirteacha. Seolann an CCC liosta de na hiarratasóirí atá ag iarraidh páirt a ghlacadh sa chlár, nó páirt a ghlacadh athuair ann, chuig an gCigire Réamhscolaíochta áitiúil. Inseoidh an Cigire don CCC faoin scéal más rud é nár tugadh fógra faoi iarratasóir dóibh. Ina theannta sin, má tá seirbhís réamhscoile á hionchúiseamh ag an FSS de bharr neamh-chomhlíonadh na Rialachán Réamhscoile, cuirfidh FSS an Stiúrthóireacht Cúram Leanaí ar an eolas faoin scéal. Ní fhéadfaidh seirbhís a dúnadh ar mhaithe le leas agus cosaint leanaí, nó a ndearnadh ionchúiseamh rathúil uirthi, páirt a ghlacadh arís sa chlár. Má bhaineann na cúinsí sin le seirbhís atá páirteach sa chlár cheana féin, féadfar an conradh sin a fhoirceannadh.
2.6 Conradh
Cuirfear liosta ar fáil de na seirbhísí iarratasóirí go léir a shásaíonn na riachtanais maidir le páirt a ghlacadh sa chlár ionas go bhféadfar conradh a fhaomhadh. Eiseofar dhá chóip de chonarthaí an chláir chuig na hiarratasóirí faofa. Ní mór don iarratasóir an dá chóip den chonradh a shíniú agus iad a chur ar ais chuig an CCC áitiúil. I gcás soláthraithe tráchtála, ní mór d’úinéir na seirbhíse an conradh a shíniú. I gcás soláthraithe pobail, lena n-áirítear Boird Bhainistíochta Scoileanna, ní mór do chomhalta den Bhord Bainistíochta an conradh a shíniú.
Déanann na CCCanna na conarthaí sínithe go léir a shainscagadh agus seolann siad ar ais iad chuig an Stiúrthóireacht Cúram Leanaí. Síníonn sínitheoir údaraithe sa Stiúrthóireacht Cúram Leanaí an dá chóip den chonradh. Seoltar cóip amháin ar ais chuig an iarratasóir agus cuirtear an ceann eile i gcomhad an iarratasóra. Bíonn an próiseas críochnaithe de ghnáth roimh dheireadh mhí Iúil gach bliain. Mar sin féin, is féidir glacadh le dáta níos déanaí má mheasann an Stiúrthóireacht Cúram Leanaí go mbeadh sé sin feiliúnach.
2.7 Ríomhaistriú Airgid
Is trí ríomhaistriú airgid a dhéantar íocaíochtaí faoin gclár ECCE. Chuige sin ní mór do sholáthraithe seirbhísí sonraí a gcuntas bainc a insint don Stiúrthóireacht Cúram Leanaí ar Foirm ECCE 8 - Foirm EFT d’Iarratasóirí Nua. Má athraíonn soláthraí a c(h)untas bainc ar chúis ar bith, caithfidh sé nó sí é sin a chur in iúl don Stiúrthóireacht Cúram Leanaí a luaithe is féidir, ag baint úsáide as Foirm ECCE 9 - Foirm EFT, Athrú ar Shonraí Bainc.
2.8 Imréiteach Cánach
Ní mór do Sheirbhísí a léiriú go bhfuil siad ag comhlíonadh a ndualgas cánach trí Dheimhniú Imréitigh Cánach atá bailí agus cothrom le dáta ó na Coimisinéirí Ioncaim a sholáthar agus iad ag seoladh a bhfoirmeacha iarratais chuig an CCC. Caithfidh an Deimhniú sin a bheith in ainm an tsoláthraí nó na seirbhíse; ní ghlacfar le deimhnithe in ainm daoine eile. Tá seirbhísí atá ag glacadh páirte sa chlár freagrach as a áirithiú go gcuirtear Deimhniú athnuaite ar fáil don Stiúrthóireacht Cúram Leanaí nuair a thagann sé chun bheith dlite.
Más rud é go bhfuil seirbhís ag fanacht ar Dheimhniú nuair atá iarratas á chur isteach acu ar an gclár, ba cheart é sin a thabhairt le fios ar an bhfoirm iarratais. Ní rachfar i gconarthaí le soláthraithe seirbhíse nach féidir leo a gcomhlíonadh cánach a chruthú. Ní eiseofar aon íocaíochtaí maidir le seirbhísí Cúram agus Oideachas Luath-Óige más rud é nár cuireadh Deimhniú Imréitigh Cánach reatha ar fáil.
2.9 Fiacha nár Íocadh leis an Roinn
Déantar gach iarratas a sheiceáil ar bhunachar sonraí na Stiúrthóireachta Cúram Leanaí le féachaint an bhfuil aon fhiach dlite ón soláthraí i leith an chláir ECCE, ach ní fhéadfar conarthaí a dhéanamh le seirbhísí ag a bhfuil fiacha gan íoc. I gcás ina n-eisítear conradh chuig na seirbhísí sin, asbhainfear an fiach ó íocaíochtaí a bheidh dlite amach anseo sa ghnáthchúrsa.
2.10 Táillí Breise Roghnacha
Is bunphrionsabal den chlár ECCE é gur gá do sholáthraithe seirbhíse rannpháirteacha an soláthar réamhscoile a fheidhmiú saor in aisce do thuismitheoirí i gcomaoin na táille caipitíochta is infheidhme, agus ba cheart rochtain ar an tseirbhís a thabhairt do thuismitheoirí i gcás ina bhfreastalaíonn a leanbh ar an ngné réamhscoile amháin. Féadfaidh soláthraithe seirbhíse, áfach, táille a ghearradh ar thuismitheoirí i leith seirbhísí breise roghnacha mar a leanas:
* uaireanta de bhreis ar riachtanas na Bliana Réamhscoile saor in aisce. I gcás seirbhíse lánaimseartha nó páirtaimseartha, tairgfidh an soláthraí seirbhíse uaireanta de bhreis ar an soláthar réamhscoile a ghearrfaidh sé nó sí táillí ina leith. I gcás soláthraí seirbhíse seisiúnaí, is féidir go dtairgfear 30 nóiméad sa bhreis in aghaidh an lae mar am breise roghnach ar féidir táille a ghearradh ina leith. Féadann soláthraí seirbhíse páirtaimseartha suas le dhá uair in aghaidh an lae a thairiscint mar am breise roghnach ar féidir táille a ghearradh ina leith.
* féadann seirbhísí breise roghnacha a bheith i bhfoirm gníomhaíochtaí éagsúla aonuaire nó leanúnacha amhail turais, sainacmhainní teagaisc amhail damhsa nó ceol, agus bia, ach ní féidir a áireamh iontu gníomhaíochtaí a mheastar a bheith ina ngnáthchuid de sheirbhís réamhscoile de ghnáth, m.sh. gníomhaíochtaí ginearálta ealaíon agus ceardaíochta.
Sna cásanna go léir, ní mór do sholáthraithe seirbhíse a áirithiú go dtuigeann tuismitheoirí nach comhaontú éigeantach é a gcomhaontú maidir le huaireanta breise nó le haon táille roghnach, agus ní hionann comhaontú maidir le huaireanta breise ná táillí roghnacha agus coinníoll clárúcháin tosaigh ná leantaigh. De bhreis air sin, ní mór gníomhaíochtaí cuí bunaithe ar chlár a sholáthar do leanaí nach bhfuil rannpháirteach i ngníomhaíocht roghnach i gcás ina bhfuil na gníomhaíochtaí sin ar siúl le linn thréimhse riachtanach an tsoláthair réamhscoile.
Is féidir go nglacfar éarlaisí áirithinte ó thuismitheoirí ar an gcoinníoll nach sáraíonn an éarlais riachtanach ceithre oiread na táille caipitíochta seachtainiúla is infheidhme i leith na seirbhíse, agus ar an gcoinníoll go n-aisíocfar le tuismitheoirí í roimh dheireadh mhí Dheireadh Fómhair 2012 (nó roimh dheireadh mhí Dheireadh Fómhair 2013 i gcás na bliana réamhscoile 2013/2014).
Féadfaidh an soláthraí seirbhíse tabhartais dheonacha a iarraidh ó thuismitheoirí, ar choinníoll nach bhfuil na tabhartais sin ina gcoinníoll clárúcháin sa chlár ECCE, agus go bhfuil siad gan ainm.
Cuimsítear sa Treoir maidir le beartas táillí an ECCE a chomhlánú, a chuirfidh an CCC áitiúil chuig soláthraithe seirbhíse atá ag glacadh páirte, sonraí a bhaineann leis na rialacha lena rialaítear táillí breise roghnacha agus tabhartais dheonacha.
2.11 Dúnadh seirbhísí, aistriú áitribh, nó aistriú úinéireachta
Dúnadh seirbhíse
I gcás ina ndúnann seirbhís réamhscoile rannpháirteach le linn bliain réamhscoile, ní mór don soláthraí é seo a chur in iúl don Roinn agus don CCC áitiúil lom láithreach. Tabharfaidh an CCC comhairle i ndáil leis na leanaí a chur i seirbhís eile agus le comhlánú na bhfoirmeacha aistrithe. Ní mór aon mhaoiniú a íocadh leis an tseirbhís atá ag dúnadh i leith sholáthar na bliana réamhscoile ar feadh tréimhse thar an dáta dúnta a aisíoc leis an Roinn. Aistreofar go dtí an tseirbhís nua táillí caipitíochta i ndáil le leanbh ar bith a aistríonn go seirbhís nua, le héifeacht ón dáta ar a dtosaíonn an leanbh sa tseirbhís sin.
Aistriú áitribh
I gcás ina n-aistríonn seirbhís réamhscoile rannpháirteach áitreabh le linn bliain réamhscoile, ní mór don soláthraí é seo a chur in iúl don Roinn agus don CCC áitiúil lom láithreach. Éileoidh an Roinn agus an CCC sonraí maidir leis an seoladh nua agus le haon athruithe ar shonraí teagmhála eile, amhail uimhir theileafóin nó seoladh r-phoist. Eiseofar conradh nua chuig an soláthraí. Ós rud é go sannfar uimhir thagartha nua don tseirbhís, ní mór foirmeacha aistrithe a chomhlánú i ndáil leis na leanaí go léir sa tseirbhís, fiú i gcás ina bhfuil na leanaí go léir ag aistriú go dtí an t-áitreabh nua. Ní mór na foirmeacha aistrithe a chur ar ais chuig an Roinn.
Athrú Úinéireachta
I gcás ina bhfuil athrú úinéireachta seirbhíse le linn bliain réamhscoile, ní mór an t-athrú seo a chur in iúl don Roinn agus don CCC áitiúil a luaithe is féidir. Ní mór foirm um Athrú Úinéireachta (Foirm ECCE 12 - Foirm um Athrú Úinéireachta ) a chomhlánú, agus bíonn ar an úinéir bunaidh agus ar an úinéir nua araon í a chomhlánú agus a shíniú. De bhreis air sin, ní mór don úinéir nua foirm iarratais ECCE a chomhlánú agus a bheith faofa le páirt a ghlacadh sa chlár. Beidh an dá fhoirm ar fáil ón CCC. Tar éis faomhadh a fháil, eiseofar conradh nua chuig an úinéir nua. Ós rud é go sannfar uimhir thagartha dhifriúil don úinéir nua, ní mór foirmeacha aistrithe a chomhlánú i ndáil leis na leanaí go léir sa tseirbhís agus a chur ar ais chuig an Roinn.
3. Critéir Cháilitheachta
Cáilíonn leanaí don bhliain réamhscoile saor in aisce i gcás ina bhfuil siad níos sine ná 3 bliana 2 mhí d’aois agus níos óige ná 4 bliana 7 mí d’aois amhail an 1 Meán Fómhair sa bhliain lena mbaineann. Ciallaíonn sé seo go gcáileoidh leanaí a rugadh idir an 2 Feabhra 2008 agus an 30 Meitheamh 2009 don bhliain réamhscoile saor in aisce i mí Mheán Fómhair 2012, agus cáileoidh leanaí a rugadh idir an 2 Feabhra 2009 agus an 30 Meitheamh 2010 i mí Mheán Fómhair 2013.
Is é cuspóir an chláir ECCE foghlaim luath i suíomh foirmiúil a chur ar fáil do leanaí incháilithe sa bhliain sula dtosaíonn siad ar an mbunscoil. D’fhonn an méid sin a bhaint amach, ceanglaítear ar sheirbhísí a ghlacann páirt sa bhliain réamhscoile gníomhaíochtaí agus cláir atá oiriúnach ó thaobh aoise de a chur ar fáil do leanaí laistigh d’aoischohórt ar leith. Chuige seo, is gá uasteorainneacha agus íosteorainneacha aoise a shocrú don raon aoise ag a gcáileoidh leanaí chun páirt a ghlacadh sa chlár.
Níl aon eisceachtaí ag gabháil leis an íosteorainn aoise
Is féidir go sínfear an uasteorainn aoise 4 bliana 6 mhí d’aois i gcás nach bhfuil leanbh in ann tosú ar an mbunscoil go dtí go bhfuil sé/sí níos sine ná 5 bliana 6 mhí d’aois, mar gheall ar bheartas chlárúcháin na scoile áitiúla nó mar gur measúnaíodh é/í a bheith moillithe ó thaobh forbartha de. Scrúdófar iarratais ar shíneadh na huasteorann aoise de réir an cháis (féach Rannán 7 den Treoir seo le haghaidh tuilleadh sonraí).
Tá gach leanbh incháilithe i dteideal bliain réamhscoile saor in aisce amháin, rud ar gá leas a bhaint as i soláthar leanúnach amháin (m.sh. ó Mheán Fómhair 2012 go Meitheamh 2013). Féadfaidh leanaí a bhfuil riachtanais speisialta acu leas a bhaint as soláthar pro rata thar dhá bhliain, ar an gcoinníoll go gcomhlíonann siad coinníollacha áirithe (féach Rannán 7 den Treoir seo le haghaidh tuilleadh sonraí).
Déanfar incháilitheacht gach linbh atá cláraithe sa chlár ECCE a fhíorú tríd an Roinn Coimirce Sóisialaí trí bhíthin tagairt a dhéanamh do dháta breithe agus Uimhir Phearsanta Seirbhíse Poiblí an linbh (uimhir PSP). Ba chóir do sholáthraithe seirbhíse cruthúnas a iarraidh maidir le dáta breithe agus Uimhir PSP gach linbh, ar mhaithe leo féin, mar cuirfear moill ar íocaíochtaí má bhíonn earráidí faoi na sonraí sin ar an tuairisceán leictreonach agus más gá iad a bhailíochtú de láimh. Is féidir cóip de dhoiciméad oifigiúil nó cárta ar a dtaispeántar ainm agus uimhir PSP an linbh, m.sh. cárta Scéime Aisíoctha Drugaí, Cárta Leighis, nó litir ón Roinn Coimirce Sóisialaí, a úsáid mar chruthúnas faoi uimhir PSP linbh.
Déanann an Roinn Oideachais agus Scileanna socrú do chlár an Túis Luaith i gcomhair leanaí réamhscoile atá i mbaol míbhuntáiste oideachasúil. Féadfaidh leanaí incháilithe a bheith cláraithe i gclár an Túis Luaith nó sa chlár ECCE. Níl leanaí incháilithe a bheith cláraithe sa dá chlár.
4. Tuairisceáin Leictreonacha
Faigheann iarratasóirí a bhfuil conarthaí déanta acu don chlár Pacáiste Eolais faoi Thuairisceáin i mí Lúnasa de ghnáth. Bíonn foirmeacha bána nó litreacha maidir le Dearbhú Tuismitheora iontu mar aon le treoracha maidir leis an tuairisceán a chomhlánú agus a chur isteach, agus Foirm Dearbhaithe Seirbhíse (ar a mbíonn pasfhocal na ríomhfhoirme agus ID an úsáideora). Ní mór do na seirbhísí na litreacha agus na foirmeacha a dháileadh ar na tuismitheoirí go luath i mí Mheán Fómhair, chun go seolfar ar ais iad chuig an tseirbhís faoi dháta sonraithe.
Caithfidh an tseirbhís tuairisceán leictreonach a sheoladh ansin chuig an Stiúrthóireacht Cúram Leanaí i ndáil leis na leanaí go léir atá ag freastal ar an gclár ECCE, ag baint úsáide as an bhfaisnéis a bailíodh. Airítear san fhaisnéis seo sonraí maidir le dáta breithe agus Uimhir Phearsanta Seirbhíse Poiblí (Uimhir PSP) gach linbh.
Tabharfar le fios sa Phacáiste Eolais faoi Thuairisceáin an dáta faoina gcaithfear an tuairisceán leictreonach a chur isteach.
Ní mór foirmeacha dearbhaithe comhlánaithe na dtuismitheoirí agus an fhoirm dhearbhaithe sheirbhíse chomhlánaithe a chur ar ais chuig an Stiúrthóireacht Cúram Leanaí a luaithe agus is féidir i ndiaidh an tuairisceán leictreonach a bheith seolta isteach.
Déanann an Stiúrthóireacht Cúram Leanaí na tuairisceáin leictreonacha ó sheirbhísí a scrúdú agus a sainscagadh. Seoltar uimhreacha PSP na leanaí atá ar an tuairisceán ar aghaidh chuig an Roinn Coimirce Sóisialaí chun na dátaí breithe a fhíorú.
Nuair a sheolann an Roinn Coimirce Sóisialaí na sonraí fíoraithe ar ais déantar iad a aistriú chuig an mbunachar sonraí ECCE. Déantar an méid maoinithe atá ag dul do gach seirbhís a ríomh, agus seoltar liosta mar theachtaireacht ríomhphoist chuig gach seirbhís ar a bhfuil sonraí na leanaí a bhí ar an tuairisceán, leibhéal na seirbhíse do gach leanbh, agus a stádas ó thaobh fíoraithe de. Bíonn an próiseas seo curtha i gcrích de ghnáth faoi lár mhí Dheireadh Fómhair gach bliain.
5. Íocaíochtaí
Toisc nach mbeidh an méid iarbhír a bheidh dlite maidir le táillí caipitíochta don chéad téarma den bhliain réamhscoile ar fáil go dtí lár mhí Dheireadh Fómhair gach bliain ar a laghad, déantar réamhíocaíocht le seirbhísí go déanach i mí Lúnasa. Clúdaíonn an réamhíocaíocht an táille chaipitíochta don chéad 8 seachtaine den téarma a thosaíonn i mí Mheán Fómhair. I gcás seirbhísí a ghlac páirt sa chlár i rith na bliana roimhe sin, ríomhtar an réamhíocaíocht ar bhonn íocaíocht 8 seachtaine (ar a mhéad) bunaithe ar líon na leanaí a bhí cláraithe an bhliain roimhe sin. I gcás seirbhísí atá ag glacadh páirte sa scéim den chéad uair, is ar bhonn suas le 5 leanaí a dhéanfar an réamhíocaíocht i gcomhar 8 seachtaine.
Nuair a bheidh na sonraí dá bhforáiltear sna tuairisceáin leictreonacha fíoraithe eiseofar íocaíocht chothromúcháin. Clúdaítear faoin íocaíocht sin an méid iomlán atá dlite don tseirbhís i gcomhair an chéad téarma réamhscoile bunaithe ar líon na leanaí ar an rolla a fíoraíodh, lúide an réamhíocaíocht a rinneadh cheana. Déantar an íocaíocht sin roimh dheireadh mhí Dheireadh Fómhair de ghnáth.
Eisítear an íocaíocht i leith an téarma a thosaíonn i mí Eanáir chomh luath agus is féidir i mí Eanáir; déantar íocaíocht i leith an téarma a thosaíonn i mí an Aibreáin go luath i mí Aibreáin.
Beifear in ann sonraí na dtéarmaí réamhscoile agus na ndátaí measta íocaíochta i gcomhair thréimhse an chonartha ECCE a thosóidh i mí Mheán Fómhair 2012 a fháil ar an láithreán Gréasáin www.dcya.gov.ie níos gaire don am.
Ba chóir do sholáthraithe seirbhíse an méid seo a leanas a thabhairt faoi deara:
* Ní dhéanfar íocaíochtaí le seirbhísí a bhfuil a ndeimhnithe imréitigh cánach as dáta; tá sé de fhreagracht ar an soláthraí seirbhíse a chinntiú go gcuirfear deimhniú reatha chuig an Stiúrthóireacht Cúram Leanaí.
* Ní bheidh coigeartuithe maidir le leanaí a bhogann isteach nó amach as an tseirbhís san áireamh ar chúis ar bith sna príomhíocaíochtaí téarma. Ní mór na coigeartuithe sin a phróiseáil de láimh, agus d’fhéadfadh siad gan a bheith próiseáilte fós nuair a ríomhtar an phríomhíocaíocht téarma, dhá sheachtain sula n-eisítear an íocaíocht de ghnáth. Más rud é gur gá íocaíocht bhreise a dhéanamh le soláthraithe maidir le haistriú, déanfar é sin chomh luath agus is féidir. Má tharlaíonn sé gur gá an íocaíocht a laghdú, déanfar an méid sin a asbhaint as íocaíochtaí a bheidh dlite amach anseo.
* Murar féidir ró-íocaíochtaí a asbhaint as íocaíochtaí a bheidh dlite amach anseo laistigh de thréimhse áirithe conartha (.i. más rud nach leor an maoiniú a bheidh dlite don soláthraí chun an ró-íocaíocht a ghnóthú), beidh ar sholáthraithe na seirbhísí an méid a aisíoc go díreach leis an Stiúrthóireacht Cúram Leanaí. Ní eiseofar conarthaí chuig soláthraithe i leith tréimhsí conartha sa todhchaí i gcás go bhfuil ró-íocaíochtaí fós gan aisíoc, nó i gcás nach bhfuil socruithe maidir lena n-aisíoc déanta leis an Stiúrthóireacht Cúram Leanaí.
6. Athruithe ar shonraí clárúcháin tar éis don Tuairisceán Leictreonach a bheith seolta isteach
6.1 Iontrálaithe Nua nó Déanacha
Nuair a théann an leanbh go dtí an tseirbhís réamhscoile, i ndiaidh thús an téarma a thosaíonn i mí Mheán Fómhair, agus mura bhfuil sé nó sí san áireamh sa tuairisceán leictreonach, ní foláir foirm iarratais i gcomhair iontrálaí nua a chomhlánú (Foirm ECCE 1 - Foirm d’Iontrálaí Nua). Ní mór an fhoirm chomhlánaithe, a chaithfidh an soláthraí seirbhíse agus an tuismitheoir araon a chomhlánú, a chur chuig an Stiúrthóireacht Cúram Leanaí, mar aon le cóip de theastas breithe an linbh agus cóip de chruthúnas oifigiúil faoi uimhir PSP an linbh (.i. cóip de dhoiciméad oifigiúil nó cárta ar a dtaispeántar an t-ainm agus an uimhir PSP, m.sh. cárta Scéime Aisíoctha Drugaí, Cárta Leighis, nó litir ón Roinn Coimirce Sóisialaí). Nuair a bheidh na sonraí seiceáilte agus fíoraithe, eiseofar an íocaíocht bhreise a bheidh dlite chuig an soláthraí seirbhíse a luaithe is féidir.
6.2 Aistriú ó Sholáthraí Seirbhíse amháin go ceann eile
Is féidir le tuismitheoirí a gcuid leanaí a aistriú ó sheirbhís amháin go seirbhís eile ag aon chéim den bhliain réamhscoile. Mar sin féin, chun an rogha seo a fheidhmiú, ní mór don tuismitheoir fógra a thabhairt go bhfuil siad ag iarraidh an leanbh a aistriú agus é sin a thabhairt don chéad soláthraí 4 seachtaine ar a laghad roimh dháta an aistrithe. Tá sé riachtanach go líonann tuismitheoirí isteach foirm aistrithe go hiomlán (Foirm ECCE 2 - Foirm Aistrithe) agus ba chóir dóibh i sholáthar líonta isteach go hiomlán ag an bainisteoir na seirbhíse atá ann cheana féin, ansin líonta isteach go hiomlán ag an bainisteoir na seirbhíse nua. Ní mór an fhoirm a chur faoi bhráid na Stiúrthóireachta Cúram Leanaí ina dhiaidh sin ionas gur féidir an táille chaipitíochta don leanbh a aistriú. Aistreofar an táille chaipitíochta ón gcéad soláthraí seirbhíse go dtí an dara soláthraí seirbhíse le héifeacht ó dháta an aistrithe. Ar an gcúis sin, ba chóir don chéad soláthraí seirbhíse agus don dara soláthraí seirbhíse a chinntiú go bhfuil dáta cruinn an aistrithe taifeadta ar an bhfoirm. Déanfar aon táille chaipitíochta a eisíodh cheana féin chuig an gcéad soláthraí seirbhíse i leith an linbh sin do thréimhse tar éis dháta an aistrithe a asbhaint as íocaíochtaí a bheidh dlite amach anseo don tseirbhís sin.
Más rud é nach bhfuil an fhoirm comhlánaithe go hiomlán agus i gceart déanfaidh an Stiúrthóireacht Cúram Leanaí teagmháil leis an dá sholáthraí seirbhíse chun sonraí an aistrithe atá beartaithe a dheimhniú. Ós rud é go bhféadfadh sé seo moill a chur ar phróiseáil an iarratais ar aistriú, moltar do thuismitheoirí a chinntiú go bhfuil an fhoirm aistrithe comhlánaithe go hiomlán agus sínithe ag na páirtithe ábhartha ar fad.
Sa chás go bhfágann leanbh seirbhís agus nach mbíonn cláraithe i seirbhís nua, tá sé riachtanach go dtéann an Soláthróir i dteangmháil leis an Stiúrthóireacht Cúram Leanaí taobh istigh de 4 seachtaine chun comhairle a thabhairt dóibh faoin seasamh an linbh. Ansin, iarrtar air Foirm ECCE 3 - Leanbh ag fágáil clár ECCE a líonadh isteach agus a sheoladh ar ais chuige sin.
6.3 Tréimhse Shocraithe Síos
D’fhéadfadh go n-eascródh cásanna ina ndéanann tuismitheoir, tar éis do/di a leanbh a chlárú sa chlár ECCE le soláthraí seirbhíse ar leith, cinneadh ina dhiaidh sin nach bhfuil an leanbh réidh le tosú ar an réamhscoil nó gur fearr leis/léi an leanbh a chlárú le soláthraí seirbhíse eile. Chun é seo a éascú, tá “Tréimhse Shocraithe Síos” ceadaithe ag tús gach tréimhse conartha. Le linn na tréimhse sin, is féidir le tuismitheoir a leanbh a thógáil amach as seirbhís agus an áit a chur siar go dtí an bhliain dár gcionn nó an leanbh a aistriú go soláthraí seirbhíse eile. I gcúinsí den sórt sin, beidh feidhm ag na socruithe seo a leanas a bhaineann le táillí caipitíochta:
* Ní chlúdaítear faoin Tréimhse Shocraithe Síos ach na chéad cheithre seachtaine de théarma a thosaíonn i mí Mheán Fómhair. Ciallaíonn sé seo, i ndáil le tréimhse conartha Mheán Fómhair 2012, críochnóidh an Tréimhse Shocraithe Síos ar an Aoine 28 Meán Fómhair.
* Má chinneann an tuismitheoir an áit ECCE a chur siar go dtí an bhliain dár gcionn, ní mór foirm athchurtha (Foirm ECCE 7 - Foirm Iarchurtha) a bheith comhlánaithe agus sínithe ag an tuismitheoir agus ag an soláthraí seirbhíse araon, agus a bheith seolta chuig an Stiúrthóireacht Cúram Leanaí. Tá na socruithe maidir leis an táille chaipitíochta leagtha amach i rannán 6.9.
* Má chinneann an tuismitheoir an leanbh a aistriú go soláthraí seirbhíse eile laistigh den tréimhse shocraithe síos, ní mór foirm aistrithe (Foirm ECCE 11 - Foirm Aistrithe um Shocrú Síos) a bheith comhlánaithe, sínithe agus dátaithe ag na páirtithe go léir AR AN AOINE 28 MEÁN FÓMHAIR 2012 NÓ ROIMH AN DÁTA SEO agus a bheith seolta chuig an Stiúrthóireacht Cúram Leanaí. Ní mór “Tréimhse Shocraithe Síos” a bheith marcáilte ar an bhfoirm. Sna cúinsí sin, gheobhaidh an chéad soláthraí seirbhíse táille chaipitíochta i leith an linbh sin don chéad cheithre seachtaine den téarma, agus gheobhaidh an dara soláthraí seirbhíse an táille chaipitíochta don chuid eile den téarma.
Nuair a bheidh an Tréimhse Shocraithe Síos thart, ní mór déileáil le gach aistriú de réir na nósanna imeachta atá leagtha amach i rannán 6.2 thuas.
6.4 Leanbh ag éirí as a bheith rannpháirteach sa chlár ECCE agus Leanbh ag filleadh ar an gClár ECCE
Má fhágann leanbh seirbhís agus mura gcláraítear é nó í i seirbhís nua, ní mór don soláthraí dul i dteagmháil leis an Stiúrthóireacht Cúram Leanaí laistigh de 4 seachtaine le hinsint dóibh faoin scéal. Déantar Foirm ECCE 3 - Leanbh ag fágáil clár ECCE a chomhlánú agus a sheoladh ar ais chuige sin. Tiocfaidh an staid seo chun cinn de ghnáth i gcásanna ina bhfuil an leanbh ag fágáil na tíre, nó ag tosú ar an mbunscoil. I gcás go bhfuil na himthosca ar eolas ag an soláthraí seirbhíse, ba chóir iad a bheith luaite ar an bhfoirm.
I gcás mar sin, déanfar aon mhaoiniú ECCE atá íoctha cheana ag an Stiúrthóireacht Cúram Leanaí i leith na leanaí sin a asbhaint as íocaíochtaí a bheidh dlite amach anseo. Beidh méid na hasbhainte ag brath ar an dáta a scoir an leanbh de bheith ag freastal ar an tseirbhís réamhscoile.
I gcás nár fhreastail leanbh atá cláraithe sa chlár ECCE ar an tseirbhís ar feadh ceithre seachtaine i ndiaidh a chéile ar aon chúis seachas na cúinsí atá leagtha amach san alt roimhe seo, ní mór don soláthraí seirbhíse teagmháil a dhéanamh leis an Stiúrthóireacht Cúram Leanaí láithreach chun an staid a chur in iúl dóibh trí Fhoirm ECCE 3 a chomhlánú agus a sheoladh ar ais. Má fhilleann an leanbh ar an tseirbhís chun freastal arís ar chlár ECCE, déanfar íocaíocht a chur ar ais tar éis don soláthraí seirbhíse Foirm ECCE 13 – Foirm do Leanbh ag Filleadh ar Chlár um Chúram agus Oideachas Luath-Óige (ECCE) atá comhlánaithe agus sínithe a sheoladh isteach. Is í an Roinn a dhéanfaidh cinneadh maidir leis an dáta óna ndéanfar íocaíocht a chur ar ais, agus beidh sé ag brath ar chúinsí an cháis. Más mian le tuismitheoir áit an linbh a chur siar go dtí an bhliain dár gcionn, beidh sé sin faoi réir na nósanna imeachta atá leagtha amach i rannán 6.9.
6.5 Aistrithe
6.5.1 Ní mór Aistriú um Shocrú Síos ón gclár ECCE go dtí an clár CCS a dhéanamh roimh an 28 Meán Fómhair 2012
I gcás inar thosaigh leanbh a b(h)liain ECCE i i Meán Fómhair ach cinneann an tuismitheoir gur mian leis/léi leas a bhaint as an gclár CCS ina ionad sin, ní mór don soláthraí ECCE agus don tuismitheoir Foirm CCS 4 - foirm Aistrithe um Shocrú Síos a chomhlánú roimh an 28 Meán Fómhair 2012. Ní mór don tuismitheoir Foirm Dhearbhaithe do Thuismitheoirí CCS a chomhlánú le linn na seachtaine spléachaidh freisin. Mura bhfuil an leanbh ar áireamh sa riomhthuairisceán CCS, ní cheadófar an t-aistriú.
Tabhair faoi deara nach mbeidh cead ag an leanbh áit a fháil faoin gclár ECCE, má tá an leanbh sa raon aoise incháilithe don chlár ECCE sa bhliain acadúil dar gcionn. Le tuilleadh faisnéise a fháil féach rannán 6.9 Áit in ECCE a chur siar go dtí an bhliain dár gcionn den Treoir maidir leis an gClár ECCE agus na Nósanna Imeachta Riaracháin ar www.dcya.gov.ie
6.5.2 Aistriú ón gclár CCS go dtí an clár ECCE idir Eanáir – Márta 2013
Ceadaítear aistriú ó CCS go dtí ECCE ó sholáthraí CCS go dtí soláthraí ECCE idir an 2 Eanáir 2013 agus an 29 Márta 2013, má aontaíonn an soláthraí CCS an cistiú CCS i leith an linbh a stopadh ó dháta an aistrithe. Féadfaidh an leanbh, má tá sé nó sí incháilithe le haghaidh ECCE, áit a fháil faoin gclár ECCE ansin. Ní mór Foirm CCS 6 - foirm um Aistriú ó CCS go ECCE a chomhlánú leis an doiciméadúchán lena ngabhann (cóip de theastas breithe / phas an linbh agus cruthúnas oifigiúil ar Uimhir PSP an linbh). Más rud é go ndiúltaíonn an soláthraí CCS don iarratas ar aistriú, ní thabharfar an cistiú don tseirbhís ECCE nua.
6.5.3 Aistriú ón gclár ECCE go dtí an clár CCS idir Eanáir – Márta 2013
Beidh leanbh in ann An Clár ECCE a fhágáil am ar bith. Ach ní bheidh spásanna nua ceadaithe faoin gClár CCS tar éis do ríomhthuairisceán do Mhí Dheireadh Fómhair 2012 críochnú. Mar sin ní tharlóidh aon aistruithe ón gClár ECCE go dtí An Clár CCS tar éis do na ríomhthuairisceán a bheith seolta ar ais.
6.6 Aistriú ón gclár ECCE go dtí an Clár Tacaíochta um Oideachas agus um Oiliúint Cúram Leanaí (CETS)
Má aistríonn leanbh a bhí san áireamh ar thuairisceán faoi chlár ECCE ón gclár sin go háit nua faoin gclár CETS, bíodh sé laistigh den tseirbhís cúram leanaí céanna nó i seirbhís éagsúil, sa chás sin ba cheart a t(h)eidlíocht i leith ECCE a aistriú láithreach chuig CETS trí Foirm ECCE 4- Foirm Aistrithe ó ECCE go CETS a chomhlánú agus a sheoladh chuig an Stiúrthóireacht Cúram Leanaí. Má thagann deireadh leis an socrúchán CETS, agus má tá an leanbh le haistriú ar ais go dtí an gclár ECCE ba cheart Foirm ECCE 5 - Foirm Aistrithe ar ais ó ECCE go CETS a chomhlánú agus a chur ar ais chuig an Stiúrthóireacht Cúram Leanaí.
Má tá an leanbh ag glacadh áit CETS i seirbhís cúram leanaí eile, tá an tseirbhís cúram leanaí ina raibh an leanbh cláraithe don chlár ECCE i dteideal leanúint leis an táille chaipitíochta ECCE a fháil ar feadh tréimhse ceithre seachtaine tar éis thosach na háite CETS. Má tá an leanbh ag glacadh áit CETS sa tseirbhís chéanna cúram leanaí, beidh deireadh leis an táille chaipitíochta ECCE le héifeacht ón dáta a thosaíonn an áit CETS.
6.7 Aistriú ó chlár CETS go clár ECCE
Má tá socrúchán CETS ag leanbh ó thús na bliana réamhscoile agus má thagann deireadh leis an socrúchán ag pointe níos déanaí an bhliain réamhscoile sin, féadfaidh sé nó sí páirt a ghlacadh i gclár ECCE sa tseirbhís chéanna nó i seirbhís éagsúil nuair a chomhlánaítear Foirm ECCE 1 - Foirm d’Iontrálaí Nua agus nuair a sheoltar chuig an Stiúrthóireacht Cúram Leanaí í.
6.8 Athrú ar leibhéal seirbhíse
Nuair is mian le tuismitheoir líon na laethanta a bhíonn leanbh ag freastal in aghaidh na seachtaine a mhéadú nó a laghdú, ní mór Foirm ECCE 6 - Foirm um Athrú ar Leibhéal Seirbhíse a bheith comhlánaithe agus seolta ar ais chuig an Stiúrthóireacht Cúram Leanaí. Cuirfear an t-ardú nó an laghdú dá dhroim sin ar chaipitíocht i bhfeidhm maidir le híocaíochtaí an tsoláthraí seirbhíse le héifeacht ón dáta a rinneadh an t-athrú ar leibhéal seirbhíse, mar atá luaite ar an bhfoirm agus sínithe ag an soláthraí seirbhíse agus ag an tuismitheoir araon.
6.9 Áit in ECCE a chur siar go dtí an bhliain dár gcionn
Más rud é go bhfuil leanbh cláraithe ag tuismitheoir sa chlár ECCE agus má chinneann an tuismitheoir sin ina dhiaidh sin go mbeadh sé níos tairbhiúla don leanbh an bhliain réamhscoile a chur siar go dtí an bhliain ina dhiaidh sin, féadfaidh sé nó sí iarratas a dhéanamh go gceadófaí é sin. Mar chuid d’iarratais den chineál sin ní mór Foirm ECCE 7 – Foirm Iarchurtha a chomhlánú agus a chur isteach agus ní féidir iad a dhéanamh ach amháin más rud é go sásóidh an leanbh na critéir incháilitheachta maidir lena g(h)lacadh isteach sa chlár fós i Meán Fómhair na bliana dár gcionn. Má fhaomhtar an t-iarratas chun an bhliain réamhscoile a chur siar, gheobhaidh an Roinn cibé táillí caipitíochta a íocadh cheana leis an soláthraí seirbhíse i leith an linbh sin ar ais ón soláthraí seirbhíse. Ar an ábhar sin, ní mór an fhoirm iarratais chun an bhliain réamhscoile a chur siar a bheith sínithe ag an soláthraí seirbhíse agus ag an tuismitheoir.
Tabhair faoi deara nach nglacfar le hiarratais chun an bhliain réamhscoile a chur siar ach amháin le linn an chéad dá théarma (.i. go dtí an Cháisc) sa bhliain réamhscoile.
Mar shampla: Tosaíonn tuismitheoir a leanbh ar an gclár ECCE sa chéad seachtain i Meán Fómhair. Cinneann siad ansin sa chúigiú seachtain den téarma nach bhfuil a leanbh réidh le haghaidh na réamhscoile, agus cuireann siad é sin in iúl don tseirbhís láithreach.
Toisc go mbeidh leas bainte ag an leanbh sin cheana as an tseirbhís réamhscoile ar feadh cúig seachtaine, is faoin soláthraí agus faoin tuismitheoir a bheidh sé teacht ar chomhaontú maidir leis na socruithe i leith na dtáillí a bheidh le híoc a chomhaontú. D’fhéadfadh sé go mbeadh gá téarmaí agus coinníollacha clárúcháin an tsoláthraí a chur san áireamh i socruithe den sórt sin maidir le fógra a thabhairt, éarlaisí a aisíoc srl.
Comhlánaíonn agus síníonn an dá pháirtí foirm iarchurtha ansin agus cuirtear isteach chuig an Roinn Leanaí agus Gnóthaí Óige í. Nuair a gheofar an fhoirm chomhlánaithe, asbhainfidh an Roinn Leanaí agus Gnóthaí Óige maoiniú ar bith a íocadh leis an tseirbhís cheana maidir leis an leanbh sin.
Ba cheart a thabhairt faoi deara go rachaidh an Roinn Leanaí agus Gnóthaí Óige ar aghaidh a luaithe a shíníonn an dá pháirtí an fhoirm chomhlánaithe ar an mbonn go bhfuil comhaontú dá leithéid déanta.
6.10 Achomhairc
Mura raibh an Stiúrthóireacht Cúram Leanaí in ann incháilitheacht linbh a fhíorú maidir le clár ECCE (tarlaíonn sé sin de ghnáth toisc gur tugadh an uimhir PSP mhícheart), ní íocfar táillí caipitíochta leis an soláthraí seirbhíse i leith an linbh sin. Is féidir le tuismitheoirí nó soláthraithe seirbhíse achomharc a dhéanamh ina aghaidh sin trí scríobh chuig an Stiúrthóireacht Cúram Leanaí, agus fianaise a sholáthar faoi dháta breithe agus uimhir PSP an linbh (.i. cóip de theastas breithe an linbh agus cóip de doiciméad oifigiúil nó de chárta ar a dtaispeántar ainm agus uimhir PSP an linbh, m.sh. cárta Scéime Aisíoctha Drugaí, Cárta Leighis, nó litir ón Roinn Coimirce Sóisialaí). Ba chóir "Achomhairc ECCE" a mharcáil ar an gcomhfhreagras.
Scrúdaítear gach achomharc agus má chruthaítear go bhfuil an leanbh i dteideal páirt a ghlacadh sa chlár faomhtar é sin agus eisítear an íocaíocht chuí le soláthraí na seirbhíse.
7. Iarratais chun an uasteorainn aoise a tharscaoileadh agus ar shocruithe pro-rata do leanaí a bhfuil riachtanais speisialta acu
Leanaí a bhfuil riachtanais speisialta acuI gcás tuismitheoirí ar mian leo iarratas a dhéanamh ar tharscaoileadh na huasteorann aoise nó leas a bhaint as an mbliain réamhscoile ar bhonn pro-rata thar dhá bhliain (m.sh. 2 lá in aghaidh na seachtaine i mbliain 1 agus 3 lá in aghaidh na seachtaine i mbliain 2) ar fhoras go bhfuil riachtanais speisialta ag a leanbh, ní mór dóibh iarratas a dhéanamh i scríbhinn chuig an Stiúrthóireacht Cúram Leanaí, tráth nach déanaí ná 1 Iúil gach bliain.
Beidh na sonraí seo a leanas ag teastáil ón Stiúrthóireacht Cúram Leanaí sula ndéanfar cinneadh:
i) cóip de Theastas Breithe an linbh
ii) fianaise faoi uimhir PSP an linbh (.i. cóip de dhoiciméad oifigiúil nó cárta ar a dtaispeántar ainm agus uimhir PSP an linbh, m.sh. cárta Scéime Aisíoctha Drugaí, Cárta Leighis, nó litir ón Roinn Coimirce Sóisialaí).
iii) ainm agus seoladh na seirbhíse réamhscoile ina mbeidh an leanbh cláraithe,
AGUS
(iv) tuarascáil mhionsonraithe mheasúnaithe ó FSS, nó ó chomhairleoir cóireála ag deimhniú go bhfuil riachtanais speisialta ag an leanbh a chuirfidh moill air nó uirthi dul chuig an mbunscoil nó go mbeadh sé níos oiriúnaí dá mbainfeadh sé nó sí leas as bliain réamhscoile ar bhonn pro-rata thar thréimhse dhá bhliain.
Beartais iontrála scoile
Is féidir le tuismitheoirí iarratas a dhéanamh freisin go ndéanfar tarscaoileadh ar an uasteorainn aoise i gcás nach mbeidh a leanaí dul go dtí an bhunscoil go dtí go mbeidh siad 5 bliana agus 7 mí d'aois ar a laghad, mar gheall ar bheartais iontrála na scoileanna áitiúla, ach ní féidir leo é sin a iarraidh má bhain an leanbh leas as an gclár ECCE cheana féin.
Ba chóir iarratais a chur chuig an Stiúrthóireacht Cúram Leanaí tráth nach déanaí ná 1 Iúil gach bliain. Beidh na sonraí seo a leanas ag teastáil ón Stiúrthóireacht sula ndéanfar cinneadh:
i) cóip de Theastas Breithe an linbh
ii) fianaise faoi uimhir PSP an linbh (.i. cóip de dhoiciméad oifigiúil nó cárta ar a dtaispeántar ainm agus uimhir PSP an linbh, m.sh. cárta Scéime Aisíoctha Drugaí, Cárta Leighis, nó litir ón Roinn Coimirce Sóisialaí).
iii) ainm agus seoladh na seirbhíse réamhscoile ina mbeidh an leanbh cláraithe,
AGUS
(iv) litir ó Phríomhoide na bunscoile áitiúla ina ndeimhnítear an beartas iontrála maidir le haois.
An Stiúrthóireacht Cúram Leanaí
An Roinn Leanaí agus Gnóthaí Óige
Aibreán 2012
AGUISÍN 1 - FOIRMEACHA DÁ DTAGRAÍTEAR SA TÉACS
Foirm ECCE 1 - Foirm d’Iontrálaí Nua
Foirm ECCE 2 - Foirm Aistrithe
Foirm ECCE 3 - Leanbh ag fágáil clár ECCE
Foirm ECCE 4- Foirm Aistrithe ó ECCE go CETS
Foirm ECCE 5 - Foirm Aistrithe ar ais ó ECCE go CETS
Foirm ECCE 6 - Foirm um Athrú ar Leibhéal Seirbhíse
Foirm ECCE 7 - Foirm Iarchurtha
Foirm ECCE 8 - Foirm EFT d’Iarratasóirí Nua
Foirm ECCE 9 - Foirm EFT, Athrú ar Shonraí Bainc
Foirm ECCE 10 - Caipitíocht Níos Airde
Foirm ECCE 11 - Foirm Aistrithe um Shocrú Síos
Foirm ECCE 12 - Foirm um Athrú Úinéireachta
Foirm ECCE 13 - Leanbh ag fileadh ar chlár ECCE
Foirm CCS 4 - foirm Aistrithe um Shocrú Síos
Foirm CCS 6 - foirm um Aistriú ó CCS go ECCE
AGUISÍN 2 - Coistí Contae agus Cathrach i gCúram Leanaí (CCC)
Sonraí teagmhála Coistí Contae agus Cathrach i gCúram Leanaí



