Skip Navigation, or press ALT and K together and then press enter.Welcome to the OMC website. This site has been developed for both the visually impaired and non visually impaired. If you would like to use the visually impaired version of this site please go to omc.gov.ie/viewtxt.asp, or press ALT and I together and then press enter



article

An Bhliain Réamhscoile Saor in Aisce i gCúram agus Oideachas na Luath-Óige (ECCE) Treoir do Thuismitheoirí
 

Tá an doiciméad seo ceaptha mar threoir achomair le haghaidh tuismitheoirí maidir le hoibriú na Bliana Réamhscoile Saor in Aisce sa chlár um Chúram agus Oideachas na Luath-Óige (ECCE). Is féidir Treoir níos cuimsithí maidir leis na téarmaí, na coinníollacha agus na nósanna imeachta a aimsiú tharlódh go mbeidh roinnt codanna den Treoir chuimsitheach sin áisiúil, go háirithe an Forbhreathnú ar an gclár (cuid 1), faisnéis a bhaineann le Táillí Breise Roghnacha (cuid 2.10), Critéir Incháilitheachta (cuid 3), agus Athruithe ar shonraí clárúcháin (cuid 6), mar aon leis na coinníollacha a ghabhann le tarscaoileadh na huasteorann aoise agus na socruithe pro-rata (cuid 7).
 
Cad atá sa Bhliain Réamhscoile saor in aisce i gCúram agus Oideachas na Luath-Óige? 
Tá clár ECCE deartha chun rochtain a thabhairt do leanaí ar bhliain réamhscoile saor in aisce de ghníomhaíochtaí cuí clár-bhunaithe sa bhliain sula dtosóidh siad ag freastal ar bhunscoil. Is ionann rannpháirtíocht i gclár réamhscoile agus céad eispéireas fhoirmiúil ag leanaí ar luathfhoghlaim, pointe tosaigh a bhforbairt oideachasúil agus sóisialta lasmuigh den bhaile. Is mó an chosúlacht go mbíonn leanaí a bhaineann leas as réamhscoil réidh le haghaidh scoile agus le haghaidh timpeallacht foghlama agus sóisialta fhoirmiúil. I gcoitinne, tá gach leanbh incháilithe i dteideal bliain réamhscoile saor in aisce amháin. Féadfaidh leanaí áirithe a bhfuil riachtanais speisialta acu leas a bhaint as soláthar pro rata thar dhá bhliain, ar an gcoinníoll go gcomhlíonfaidh siad coinníollacha áirithe (féach ar an alt thíos ‘Leanaí a bhfuil riachtanais speisialta acu’).
 
Cén uair a bheidh mo leanbh incháilithe chun a bheith rannpháirteach sa chlár ECCE? 
Ní mór do sheirbhísí cúram leanaí a ghlacann páirt sa bhliain réamhscoile gníomhaíochtaí agus cláir atá oiriúnach ó thaobh aoise de a chur ar fáil do leanaí laistigh d’aoischohórt ar leith, agus dá réir sin is gá teorannacha íosta agus uasta a shocrú i dtaobh an raoin aoise le haghaidh leanaí incháilithe.
 
Tá an clár ECCE oscailte do gach leanbh idir 3 bliana 3 mhí agus 4 bliana 6 mhí d'aois ar an 1 Meán Fómhair gach bliain. (Glactar leis go bhfuil leanaí atá níos sine ná 3 bliana 2 mhí d’aois agus níos óige ná 4 bliana 6 mhí ar an 1 Meán Fómhair gach bliain incháilithe.) Chun leas a bhaint as an gclár ó Mheán Fómhair 2012, ní mór gur rugadh leanaí idir an 2 Feabhra 2008 agus an 30 Meitheamh 2009.
 
An bhfuil aon eisceacht ann maidir leis an riail incháilitheachta a bhaineann le haois? 
Níl aon eisceachtaí ag gabháil leis an íosteorainn aoise. Tharlódh go sínfear an uasteorainn aoise 4 bliana 6 mhí d’aois i gcás nach bhfuil leanbh in ann tosú ar an mbunscoil go dtí go mbeidh sé nó sí níos sine ná 5 bliana 6 mhí d’aois, mar gheall ar bheartas clárúcháin na scoile áitiúla nó ós rud é go ndearnadh measúnú ina leith go bhfuil sé nó sí moillithe ó thaobh forbartha de. Scrúdófar iarratais ar shíneadh na huasteorann aoise de réir an cháis.
 
Leanaí a bhfuil riachtanais speisialta acu 
Sa chás ina bhfuil sé measúnaithe ag Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte, nó ag comhairleoir cóireála i leith linbh go bhfuil riachtanais speisialta aige nó aici a chuirfidh moill air nó uirthi ag tosú sa bhunscoil nó a fhágann go mbeadh sé níos oiriúnaí dá mbainfeadh sé nó sí leas as bliain réamhscoile ar bhonn pro-rata thar thréimhse dhá bhliain, ceadófar é sin. I gcásanna dá leithéid, féadfaidh an leanbh leas a bhaint as an mbliain réamhscoile thar thréimhse dhá bhliain trí leas a bhaint as seisiúin ECCE, mar shampla, le haghaidh dhá lá sa chéad bhliain agus le haghaidh trí lá sa dara bliain, nó vice versa.

Cén áit ar féidir liom mo leanbh a chlárú le haghaidh na bliana réamhscoile saor in aisce? 
Tá beagnach 5,000 seirbhíse réamhscoile fógartha d’Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte nó cláraithe le Bord Oideachais Montessori Éireann. Tá gach ceann de na seirbhísí sin incháilithe chun páirt a ghlacadh sa chlár ECCE. Tá liosta de sheirbhísí réamhscoile rannpháirteacha ar fáil do thuismitheoirí ón gCoiste Cathrach/Contae áitiúil um Chúram Leanaí. Léirítear na sonraí teagmhála le haghaidh na gCoistí Cathrach/Contae sin ag deireadh an doiciméid seo. Is féidir le tuismitheoirí teagmháil a dhéanamh leis na seirbhísí rannpháirteacha ina gceantar chun socrú a dhéanamh a leanbh a chlárú.
 
Conas mar a mhaoinítear an Bhliain Réamhscoile? 
Íoctar táille chaipitíochta le seirbhísí réamhscoile a ghlacann páirt sa chlár maidir le gach leanbh incháilithe atá cláraithe. Ní mór do sheirbhísí réamhscoile an Roinn a chur ar an eolas maidir le sonraí gach linbh atá cláraithe sa chlár, agus dá réir sin iarrfaidh an tseirbhís réamhscoile do linbh ort foirm a chomhlánú ina mbeidh dáta breithe do linbh agus a (h)Uimhir Phearsanta Seirbhíse Poiblí (UPSP). Iarrfar ort fianaise dhoiciméadach a chur ar fáil ar na sonraí sin (cóip de theastas breithe an linbh agus cóip de chruthúnas oifigiúil ar UPSP an linbh, .i. cóip de dhoiciméad oifigiúil nó de cárta oifigiúil ina léirítear ainm an linbh agus a UPSP, m.sh. cárta Scéime Aisíoctha Drugaí, Cárta Liachta, nó litir ón Roinn Coimirce Sóisialaí). Dá réir sin, caithfidh an tseirbhís clár cuí gníomhaíochtaí maidir le cúram agus oideachas na luath-óige a chur ar fáil saor in aisce do thuismitheoirí.
 
Cén chaoi a ndéanfar an Bhliain Réamhscoile a chur ar fáil? 
De ghnáth gheobhaidh leanaí seisiúin na bliana réamhscoile ar feadh 3 huaire in aghaidh an lae, 5 lá sa tseachtain, thar thréimhse 38 seachtain (Meán Fómhair go Meitheamh). €62.50 a bheidh sa táille chaipitíochta sheachtainiúil le haghaidh na seisiún sin. Má roghnaíonn tú do leanbh a chlárú ar feadh tréimhse atá níos giorra ná 5 lá sa tseachtain, laghdófar an táille chaipitíochta atá iníoctha don soláthraí ar bhonn pro-rata.
 
An mbeidh ar thuismitheoirí táillí breise a íoc maidir leis an mBliain Réamhscoile? 
Ní mór do sheirbhísí a ghlacann páirt sa chlár an bhliain réamhscoile a chur ar fáil do thuismitheoirí saor in aisce. D’fhéadfadh seirbhís táille a ghearradh ar thuismitheoirí, áfach, as seirbhísí breise chomh fada agus (a) a chuirtear na seirbhísí ar fáil ar bhonn roghnach agus (b) go bhfuil gníomhaíochtaí cuí clár-bhunaithe ar fáil do leanbh ar bith nach mbeidh páirteach i ngníomhaíocht roghnach.
 
Féadann seirbhísí breise roghnacha a bheith i bhfoirm gníomhaíochtaí nó seirbhísí éagsúla aonuaire nó leanúnacha ar nós turas, sainacmhainní teagaisc cosúil le damhsa nó ceol, agus bia, ach níor cheart a áireamh leo gníomhaíochtaí a mheastar iad a bheith ina ngnáthchuid de sheirbhís réamhscoile, m.sh. gníomhaíochtaí ginearálta ealaíon agus ceardaíochta.
 
Féadfaidh seirbhísí táille a ghearradh as aon uaireanta breise lasmuigh den soláthar réamhscoile saor in aisce.
 
Ní mór seirbhísí breise nó uaireanta breise a thairiscint do thuismitheoirí ar bhonn roghnach agus ní féidir go mbeadh glacadh na roghanna sin ina choinníoll (iarbhír nó intuigthe) maidir le clárú sa tseirbhís réamhscoile.
 
Síolta agus Aistear 
Is iad Síolta agus Aistear na Creatlacha Náisiúnta Luathfhoghlama trína dtacaítear le seirbhísí le haghaidh leanaí ón am a mbreithe go dtí 6 bliana. Is féidir faisnéis mhionsonraithe a aimsiú ag siolta.ie agus ag ncca.ie/earlychildhood framework.
 
Coistí Cathrach agus Contae um Chúram Leanaí 
Más mian leat tuilleadh faisnéise a fháil maidir leis an gclár ECCE, déan teagmháil leis an gCoiste Contae nó Cathrach áitiúil um Chúram Leanaí.

 

 

follow us on twitter