• Tionscnamh Náisiúnta Feighlíocht Leanaí agus Treoirlínte
• Tionscnamh Grúpa Tuismitheoirí agus Lapadáin
• Tionscnamh Cúraim Leanaí Aois Scoile
• Treoirlínte Comhionannais agus Éagsúlachta
Soláthraíonn an Tionscnamh Náisiúnta Feighlíocht Leanaí tacaíochtaí d’fheighlithe leanaí agus do dhaoine go bhfuil spéis acu bheith ina bhfeighlithe leanaí. Déanann na Coistí Cúraim Leanaí Cathrach agus Contae (CCL) é a riaradh go háitiúil. Is é an chéad chéim i dtreo bheith id’ fheighlí leanaí ná teagmháil a dhéanamh le do Choiste Cúraim Leanaí Cathrach nó Contae chun leas a bhaint as a gClár Léachtaí um Fheasacht Cáilíochta. Ar chríochnú an chláir seo dóibh, fis féidir le feighlithe leanaí leas a bhaint as deontas caipitiúil suas le €630 faoin Scéim Deontais Forbartha Feighlí Leanaí Is féidir é seo a úsáid chun trealamh sábháilteachta, bréagáin a cheannach nó chun mionathruithe a dhéanamh go teach an fheighlí leanaí chun an tseirbhís feighlíochta leanaí a fheabhsú nó a bhunú.
Cabhróidh sraith treoirlínte, a sheol Oifig an Aire Leanaí le déanaí, le feighlithe leanaí trí treoir deachleachtais sa réimse a sholáthar. Déan cóip de na Treoirlínte Náisiúnta d'Fheighlithe Leanaí a íoslódáil
Is é atá sa Tionscnamh Grúpa Tuismitheoirí agus Lapadáin ná comhpháirtíocht straitéiseach idir Oifig an Aire Leanaí agus an Fondúireacht Katharine Howard (KHF) faoin gClár Infheistíochta Náisiúnta um Chúram Leanaí 2006-2010.
Is é príomhchuspóir an tionscnaimh seo ná deontais a sholáthar do ghrúpaí tuismitheoirí agus lapadáin le haghaidh forbairt a gcuid seirbhísí. Tá sé deartha freisin chun straitéis tacaíochta agus eolais a fhorbairt, i gcomhpháirtíocht leis na Coistí Cúraim Leanaí Cathrach agus Contae, chun cuidiú le cur chun cinn agus forleathnú na nGrúpaí Tuismitheoirí agus Lapadáin. Freisin oibríonn an tionscnamh seo go dlúth le gníomhaireachtaí agus eagraíochtaí eile a sholáthraíonn tacaíocht luachmhar leanúnach cheana do na grúpaí seo, ag cinntiú cur chuige comhoibritheach.
Le haghaidh eolas ar conas iarratas a chur isteach ar dheontas.
Foilsíodh an tuarascáil Developing School-Age Childcare i 2005 agus leagann sé amach treoirlínte le haghaidh seirbhís ardchaighdeáin a sheachadadh. Chomh maith leis sin déanann sé moltaí le haghaidh an fhorbairt de chúram leanaí aois scoile d’fhonn tacaíocht a thabhairt do riachtanais chúraim leanaí na dtuismitheoirí, lena n-áirítear úsáid áitribh scoile (áit is cuí) mar láthair chun seirbhís ardchaighdeáin um chúram leanaí aois scoile a fhorbairt. Táthar ag súil go spreagfaidh foilsiú na tuarascála seo forbairt na todhchaí de chúram leanaí aois scoile ag leibhéal áitiúil. Tá ról ríthábhachtach le glacadh ag an 33 Coiste Cúraim Leanaí Cathrach agus Contae i gcur chun cinn an tionscnaimh nua seo.
Tuarascáil agus a hAchoimre Fheidhmiúcháin
Seoladh na Treoirlínte Éagsúlachta agus Comhionannais i Nollaig 2006 chun tacú le cleachtóirí cúraim leanaí, múinteoirí luath-óige, bainisteoirí agus déantóirí polasaí ina dtaiscéalaíocht, a dtuiscint agus a bhforbairt ar chleachtas éagsúlachta agus comhionannais.