Department of Children and Youth Affairs
Public consultation on the Single Affordable Childcare Scheme
On Friday 28th October 2016 Minister Zappone published a policy paper on the new Single Affordable Childcare Scheme and launched an online consultation survey.
The scheme, which was announced as part of Budget 2017, aims to make childcare more affordable for families. It will include a universal element for children between 6 and 36 months, and a targeted element, based on net parental income, for children up to 15 years. The scheme will also create a flexible platform for future investment in childcare.
The policy paper provides detail on the scheme and can be accessed at the following link.
Minister Zappone invites everyone- parents, other family members, childcare providers, childminders and anyone interested in the issues- to share their views on the detail of the policy by Friday 25th November 2016. The online survey can be accessed at here. If you would like a paper copy of the survey posted to you, please call 01 6473000.
Please note that submissions will not be responded to on an individual basis but will be taken into consideration. Feedback from the survey will be used to refine specific design features of the scheme to be introduced in September 2017, and to inform future policy development.
An Roinn Leanaí agus Gnóthaí Óige
Comhairliúchán poiblí faoi Scéim Inacmhainne Amháin um Chúram Leanaí
Ar an Aoine an 28 Deireadh Fómhair 2016 d'fhoilsigh an tAire Zappone páipéar beartais faoin Scéim Inacmhainne Amháin nua um Chúram Leanaí agus seoladh suirbhé comhairliúcháin ar líne.
Tá sé d’aidhm ag an scéim a fógraíodh mar chuid de Bhuiséad 2017 a chinntiú go mbeidh cúram leanaí níos inacmhainne ag teaghlaigh. Beidh gné uilíoch san áireamh ann do leanaí atá idir 6 mhí agus 36 mhí d’aois, agus gné spriocdhírithe, bunaithe ar ghlanioncam tuismitheoirí, ar leanaí suas go dtí 15 bliana d’aois. Cuirfidh an scéim córas solúbtha ar fáil d'infheistíocht sa todhchaí i gcúram leanaí.
Tá sonraí na scéime le fáil sa pháipéar beartais agus is féidir iad a rochtain trí chliceáil ar an nasc seo a leanas anseo (as Béarla).
Tá cuireadh á thabhairt ag an Aire Zappone do chách - tuismitheoirí, baill eile an teaghlaigh, soláthraithe cúram leanaí, feighlithe leanaí agus duine ar bith a bhfuil suim acu sna saincheisteanna seo a gcuid tuairimí faoi mhionsonraí an bheartais a thabhairt roimh Dé hAoine an 25 Samhain, 2016. Is féidir an suirbhé ar líne a rochtain trí chliceáil anseo. Cuir glaoch ar 01 6473000 más mian leat go seolfar cóip pháipéir chugat sa phost.
Tabhair faoi deara nach dtabharfar freagra ar aighneachtaí faoi leith ach go gcuirfear san áireamh iad. Úsáidfear aiseolas ón suirbhé chun bheachtú a dhéanamh ar ghnéithe sonracha a bhaineann le leagan amach na scéime atá le tabhairt isteach i mí Mheán Fómhair 2017 agus mar bhonn eolais le haghaidh forbairt beartais sa todhchaí.





