Skip Navigation, or press ALT and K together and then press enter.Welcome to the OMC website. This site has been developed for both the visually impaired and non visually impaired. If you would like to use the visually impaired version of this site please go to omc.gov.ie/viewtxt.asp, or press ALT and I together and then press enter



article

An Roinn Leanaí agus Gnóthaí Óige: Folúntais ar Bhoird Stáit


De réir chinneadh an Rialtais le déanaí, tá cuireadh tugtha ag an Aire Leanaí agus Gnóthaí Óige Frances Fitzgerald, TD, do dhaoine spéis a nochtadh más suim leo go gceapfaí iad chuig boird Chomhlachtaí agus Ghníomhaireachtaí Stáit atá ag feidhmiú faoi choimirce na Roinne.


Le linn di aon cheapacháin a dhéanamh chuig boird na gcomhlachtaí agus na ngníomhaireachtaí Stáit, ní gá go mbeidh rogha an Aire teoranta dóibh siúd amháin a léiríonn spéis sa scéal ach cinnteoidh sí go mbeidh na cáilíochtaí ábhartha do na poist ag gach duine de na daoine a cheapfar. Sa chomhthéacs sin, beidh aird ag an Aire ar an gcomhlacht nó ar an ngníomhaireacht i dtrácht agus ar a réimse freagrachtaí faoi leith srl. chomh maith lena chinntiú go mbeidh meascán cuí scileanna agus taithí ag baill an bhoird i réimsí mar rialachas corparáideach, saineolas dlí, saineolas airgeadais (agus béim faoi leith ar inniúlacht iniúchta agus/nó measúnú tionscadal). Féadfaidh an tAire, ó am go ham, cinneadh a dhéanamh gan daoine a cheapadh do na folúntais go léir atá ann.
Éileofar ar dhaoine atá á moladh lena gceapadh mar chathaoirligh ar Chomhlachtaí nó ar Ghníomhaireachtaí Stáit go mbeidh siad ar fáil don choiste cuí Oireachtais chun plé a dhéanamh ar an gcur chuige a ghlacfaidís mar chathaoirleach agus ar an dearcadh atá acu faoina bhféadfadh cibé comhlacht nó Bord a bheadh i gceist a dhéanamh amach anseo agus, nuair a bheidh an plé sin déanta, daingneoidh an tAire nó an Rialtas, mar is cuí, an t-ainmní mar chathaoirleach.


I gcás cuid de na comhlachtaí agus de na gníomhaireachtaí, cé gurb é nó í an t-aire a dhéanfaidh na ceapacháin, b’fhéidir nach ar lánrogha an Aire féin amháin a dhéanfar iad. Ina áit sin, ainmníonn eagraíochtaí éagsúla atá sonraithe sa reachtaíocht ábhartha daoine lena gceapadh ag an Aire agus tá sé riachtanach go dtiocfadh na daoine sin ó chomhlachtaí áirithe nó go mbeadh cáilíochtaí áirithe acu. Ina measc siúd, áirítear ceapacháin áirithe don Bhord Náisiúnta Leasa Oideachais, don Ghníomhaireacht um Thacaíocht Teaghlaigh agus don Údarás Uchtála.
Leagtar amach sa tábla seo a leanas an chaoi a bhfuil rudaí faoi láthair (Lúnasa 2012) i ndáil le boird na gcomhlachtaí agus na ngníomhaireachtaí sin atá ag feidhmiú faoi choimirce na Roinne Leanaí agus Gnóthaí Óige.  Más mian le duine go gceapfaí é chun aon fholúntas den sórt sin a líonadh, ba cheart dó nó di spéis a léiriú sa scéal trí ríomhphost a sheoladh chuig stateboardvacancies@dcya.gov.ie agus ba cheart go mbeadh nóta gairid nó CV in éineacht leis ag cur síos ar cháilíochtaí an duine le go gceapfaí é nó í chun aon fholúntais den sórt sin.

Comhlacht nó Gníomhaireacht

Líon na gComhaltaí Boird

Líon na bhFolúntas Reatha ar an mBord

An Reacht Ábhartha

Údarás Uchtála na hÉireann

7

1

Alt 98 den Acht Uchtála, 2010

An Ghníomhaireacht um Thacaíocht Teaghlaigh

12

0

Ailt 10,11 & 12 den Acht um Ghníomhaireacht um Thacaíocht Teaghlaigh, 2011

An Bord Náisiúnta
um Leas Oideachais

13

0

Alt 9 den Acht Oideachais (Leas), 2000

Bord Bainistíochta - Scoileanna Coinneála Leanaí an Oibricigh, Lusca, Co. Bhaile Átha Cliath

13

1

Alt 167 d'Acht na Leanaí, 2001 (arna leasú)

follow us on twitter skills to work Supporting SMEs http://whodoeswhat.gov.ie/ Be Winter Ready The Better Start Access and Inclusion Model (AIM) is a model of supports designed to ensure that children with disabilities can access the Early Childhood Care and Education (ECCE) programme